Music World
 
Find Artists:
 
 
 
Russian versionSwitch to Russian 
Altan




Music World  →  Lyrics  →  A  →  Altan  →  Lyrics  →  Citi Na Gcumann

Altan Lyrics

"Citi Na Gcumann" lyrics


Is do thángas an baile seo 'réir
Is bhí se 'gam déanach go leor
Smé ar intinn an margadh a dhéanamh
'S nach scarfainn léi féin go deo
Níor tháinig a Daidí chun réitigh
Cár mhiste domh é na dhóibh?
Bheirim slán is beannacht as mo ghaolta
'S ní chasfaidh mé fhéin go deo

Níor cuireadh romham cuireadh na fáilte
Ó thánas an tsráid seo thíos
On uair a dh'airigh mo ghrá geal
Is go dtugas mo lámh do mhnaoi
Is doigh leo go bhfuil mise pósta
Is dár ndoigh, más doigh, ní fíor
Dar a leabhar atá thíos i mo phóca
Is ag mealladh ban óg a bhíos

Is a Chití na gcumann, ná séan mé
Siúil feasta 'gus éalaigh liom
I ngleanntáin coilleadh nó sliabh' amuigh
Nó sealad faoi bhláth na gcrann
Do phósfainn i gan fhios don tsaol thú
'S don tsagart dá mh'fhéidir liom
'S muna bhfaighfear sinn cangailt' in Éirinn
Ó racham araon anonn

blog comments powered by Disqus




© 2011 Music World. All rights reserved.