Méav
"Goltrai"

Mise ag faire san oíche
San oíche fada chiúin
Tusa id' luí id' leaba
Id' chodladh fada suan

D'imigh tú trasna na tonnta uaim
Is ní maith liom 'bheith anseo liom féin
Tusa mo ghealach 's mo grian i bhfad i gcéin

Uaigneas, gan blaiseadh do bhéilín meala
Is áilleacht gheal do ghnúis
Mise ag feitheamh gan chiall led' theacht
Agus mé ag sileadh súl

Tusa id' leaba shíoraí anocht
Faoi chré 'tá dorcha dlúth
Glaoim anocht is gach oíche ort
Fill ar ais arís, a rún
Sinne a bheidh scartha ón a chéile anois go buan